作曲 : Public Domain (traditional Irish),arranged by Connie Dover Go deo deo arís ní rachad go Caiseal Ag díol nó reic mo shláinte No ar mhargadh ne saoire I mo shuí cois balla I mo scaoinse ar leataobh sráide. Bodairí na tíre ag teacht ar a gcapaill Ag fiafraigh an bhuilim híreálta. Ó téanaim chun siúil, tá an cúrsa fada, Seo are siúl an Spailpín Fánach. I mo Spailpiín Fanach fágadh mise Ag seasamh ar mo shláinte. Ag siúl an drúchta go moch ar maidin Is ag bailiú galair ráithe. Ní fheicfear corrán I mo láimh chun bainte Súiste nó feac beag ramhainne Ach colours na bhFrancach os cionn mo leapan Agus pike agam chun sáite Mó chúig chéad slán chun duthaighe m'athar Is dhun an Oileáin gradhmhair. 'S chun buachailli na Cúlach ós díobh nár mhisde I n-aimsir chasta an ghárda Ach anois ó taimse im chadhain bhocht dealbh I measc na nduthaigh bhfán so Sé mo chumha croidhe mar fuair mé an ghairm Bheith riamh im Spailpín Fánach Is ró-bhreá is cuimhin liom mo dhaoine bheith sealadh Thiar ag droichead Cháile Fé bhuaibh, fé chaoririgh, fé laoigh beaga gheala Agus capaill ann le h-áireamh Ach b'é toil Chroist é gur cuireadh sinn asta 'S no ndeaghmhar i leith ár sláinte 'S gurbh é bhris mo chroí I ngach tír da rachainn "Call here, you spailpín fánach"