作曲 : Traditional Tréimhse chaitheas-sa seal go haerach I measc mo ghaolta go soilbhir sámh, Gan suim i gcleasa ná i gcúrsaí an tsaoil seo A chuirfeadh m’intinn ar seachrán. Thugas gean is urraim dom bhaile dhúchais, Fuair cion is clú ar fud Inse Fáil. Is ní thréigfead feasta don ghrá ródhlúth san Do Bhaile Bhúirne go bhfaighidh mé bás. Is breá é amharc an chnoic is a sléibhte Sna gleannta féarmhara gach maidin cheoigh, Is fuaim gach caise ag sníomh go héasca Go sroisid béal na mbailte mór. Is breá iad coillte na gcrannaibh ndíreach Ag fás go líonmhar i measc gach gleann’ Go bhfaigheann an sionnach scáth is díon ann An druid chiardhubh, an broc is an chreabhar. Tá Baile Bhúirne go fairsing fáilteach A’ riar’ na táintibh lena ngabhann ‘na treo Go bhfuil grá is lasadh i gcroí gach éinne Rug barr ar aon ní dá bhfacaís fós. Bíonn triall na sluaite ar a tiobraid naofa Tá le cianta dlútha fá ghradam mhór Ach impím feasta ar Ghobnait naofa Bheith mar dhíon is scáth agam Pé áit’na ngeobham.