Ar chonnlaigh ghlais an Fhoghmhair A stóirín gur dhearc mé uaim Ba deas do chos i mbróig 'Sba ró-dheas do leagan siubhail. Do ghruaidh ar dhath na rósaí 'Sdo chúirníní bhí fighte dlúith Monuar gan sinn 'ár bpósadh Nó'r bórd luinge 'triall 'un siubhail. Tá buachaillí na h-áite seo A' gartha 'gus ag éirghe teann Is lucht na gcochán árd A' deánamh fáruis do mo chailín donn Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne Thar sáile 's a shlóighte cruinn Bhrúighfinn féar is fásach 'S bhéinn ar láimh le mo chailín donn. Ceannacht buaibh ar aontaigh' Dá mbínn agus mo chailín donn Gluais is tar a chéad-searc Nó go dtéidh muid thar Ghaoth-Bearra 'nonn Go sgartar ó n-a chéile Bárr na gcraobh 's an eala ón tuinn Ní sgarfar sin ó chéile 'S níl ach baois díbh á chur 'n mur gcionn.