A ‘níon mhín ó, sin anall na fir shúirí A mháithair mhín ó, cuir na roithléan go dtí mé Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach Dúlamán na farraige, ‘s é b’fhearr a bhí in Éirinn Tá cosa dubha dubailte ar an dúlamán gaelach Tá dhá chluais mhaol ar an dúlamán gaelach Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach Dúlamán na farraige, ‘s é b’fhearr a bhí in Éirinn Rachaimid go Doire leis an dúlamán gaelach Is ceannóimid bróga daora ar an dúlamán gaelach Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach Dúlamán na farraige, ‘s é b’fhearr a bhí in Éirinn Bróga breaca dubha ar an dúlamán gaelach Tá bearéad agus triús ar an dúlamán gaelach Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach Dúlamán na farraige, ‘s é b’fhearr a bhí in Éirinn Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach Dúlamán na farraige, ‘s é b’fhearr a bhí in Éirinn Ó chuir mé scéala chuici, go gceannóinn cíor dí ‘S é’n scéal a chuir sí chugam, go raibh a ceann cíortha Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach Dúlamán na farraige, ‘s é b’fhearr a bhí in Éirinn Góide a thug na tíre thú? arsa an dúlamán gaelach Ag súirí le do níon, arsa an dúlamán maorach Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach Dúlamán na farraige, ‘s é b’fhearr a bhí in Éirinn Ó cha bhfaigheann tú mo ‘níon, arsa an dúlamán gaelach Bheul, fuadóidh mé liom í, arsa an dúlamán maorach Dúlamán na binne buí, dúlamán Gaelach Dúlamán na farraige, ‘s é b’fhearr a bhí in Éirinn